Kennys Today - As Gaeilge

Fáilte go kennys.ie. Tá Siopa leabhar Kennys ag díol leabhair idir sean agus nua ó 1940. Is é an Siopa Leabhair is mó in Eirinn atá ar an idirlíon. Tá súil againn go mbainfidh sibh taitneamh as kennys.ie

Tá níos mó na leath milliún leabhair againn in ár Stór nua í Liosbán, ar Bhóthar Thuama í nGaillimh. Is féidir leat ár stoc a aimsiú ar an idirlíon nó glaoch isteach againn sa siopa. Tá múid oscailte ó Luan go Satharn idir 9am -5pm. Má tá tuilleadh eolas uait cuir glaoch ar This e-mail address is being protected from spam bots, you need JavaScript enabled to view it (uimhir telefóin 091-709 368)

Má tá aon foilseachán nua i nGaeilge nó leabhar airithe ar beith uait tabharfadh Des Kenny cúnamh dúit.

Des KennyTá siopa leabhar Kennys mar ball don "Antiquarian Booksellers Association" le fada an lá. Tig leat breathnú ar liosta de leabhair seanda ar an idirlíon nó glaoigh isteach.. Le tuille éolas is feidir leat glaoch a chuir ar This e-mail address is being protected from spam bots, you need JavaScript enabled to view it (Uimhir Telefóin 091 709 367).

Bunaíodh club leabhair Kennys scór bliain ó shoin.Tá níos mó ná 1500 baill sa chlub faoi láthair ó gach ceard don Domhan. Cuireann muid beartanna leabhair chuca go rialta atá dírithe ar an ábhar ar leith atá acu. Le roinnt blianta anois tá níos mo daoine sa tír seo ag lorg na h-íontaisí seo. Má tá suim agat, i bhfhilíocht, Stair, Cócaireacht nó Úrscéalta, is féidir linn beartanna foilseacháin nua san ábhar sin a sheoladh chugat.

Ó 1980 cuireann Kennys cóip amhain do gach leabhar nua atá foilsithe i nGaeilge chuig leabharlann Congress í Washington 'sna Stáit Aontaithe. Má tá suim agat san seirbhis don tsóir beidh Des sásta ceisteanna a fhreagairt .

Tom KennyTá taispeántaisí ealaíona agus dealbhadóireacht den scoth le feiceál ín Dánlann Ui Chionnaith sán. Chuirfidh This e-mail address is being protected from spam bots, you need JavaScript enabled to view it (Telefóin 091-709350) nó Máire Ní Dhroighneáin (091-709350) agus an fhoireann uilig fáilte mór romhat agus beidh said sásta aon cheist afhreagairt. Buail isteach.

Má tá leabhar ar bith gan clúdach agat, atá speisialta, luachmhar, sean nó tráchtas, tá seirbhisí cheanglann Uí Chionnaith ar fail ar an idirlíon. Is féidir tráchtas a sheoladh ag This e-mail address is being protected from spam bots, you need JavaScript enabled to view it agus beidh sé ceangailte ar an lá céanna.

Tá sé de chuspóir againn blás an siopa leabhar agus an dánlann ath-cruthú tri na altanna faoi leith atá le fáil ann, mar shampla Desi's Diary, the Old Galway Column. Stair Siopa Kennys, Foilseacháin Nua, Smaoineadh an Lae, Leabhar na Seachtaine agus 7rl. Bhéadh muid buíoch as ucht aon smaointí nó ceisteanna atá agaibh faoi an suíomh.

Fáilte isteach....